Ghlasbhealach an Bhearnais Mhóir
Réamhrá
Tá Comhairle Chontae Dhún na nGall, i gcomhar le Bonneagar Iompair Éireann, i mbun moltaí maidir le togra Ghlasbhealach an Bhearnais Mhóir a thabhairt chun cinn.
Tá de chuspóir le togra Ghlasbhealach an Bhearnais Mhóir slí tharraingteach a chur ar fáil idir baile Dhún na nGall agus baile Bhealach Féich/Shrath an Urláir i gContae Dhún na nGall, le húsáid den chuid is mó ar mhaithe le caitheamh aimsire ag lucht coisíochta agus rothaíochta agus ag daoine a bhfuil bac ar a gcuid gluaisteachta. Beidh sin ina chonair fhiúntach maidir le ceangal sábháilte idir an pobal i gcomharsanachtaí tuaithe chomh maith le rogha sábháilte folláin a chur ar fáil maidir le turas chuig bailte móra, saoráidí poiblí agus áiseanna pobail.
Féach an Táb maidir le Comhairliúchán Poiblí 3 chun eolas breise a fháil.