Buneolas

Buneolas faoin Togra

Tá de chuspóir le togra Ghlasbhealach an Bhearnais Mhóir slí tharraingteach a chur ar fáil idir baile Dhún na nGall agus baile Bhealach Féich/Shrath an Urláir i gContae Dhún na nGall, le húsáid den chuid is mó ar mhaithe le caitheamh aimsire ag lucht coisíochta agus rothaíochta agus ag daoine a bhfuil bac ar a gcuid gluaisteachta. Beidh sin ina chonair fhiúntach maidir le ceangal sábháilte idir an pobal i gcomharsanachtaí tuaithe chomh maith le rogha sábháilte folláin a chur ar fáil maidir le turas chuig bailte móra, saoráidí poiblí agus áiseanna pobail.

Táthar ag tnúth go bhfágfaidh glasbhealach a chur ar fáil sa cheantar gur fusa is féidir réimsí den réigiún a thaobhú, go mealltar dá bhrí sin an lucht úsáide chun na bailte móra agus beaga máguaird a thaithí agus go dtugtar i gcrích an tairbhe is féidir a bhaint go fóill as an turasóireacht sa cheantar. Tugtar deis leis an togra seo chomh maith aird a dhíriú ar thábhacht áiteanna ó thaobh cúrsaí staire nó oideachais, an tráth céanna a gcuirtear scéimhe agus sceirdiúlacht na radharcanna chun cinn.

Aidhmeanna an Togra

Tá infheistíocht sa tsiúlóid agus sa rothaíocht ar na príomhaidhmeanna beartais ag an Rialtas. Tugtar aird sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2021-2030 ar an tábhacht atá le taisteal gníomhaíochta, ní amháin maidir le hastaíocht charbóin a mhaolú ach maidir le spriocanna straitéisí náisiúnta eile a bhaint amach chomh maith, mar shampla forás dlúth ar cheantair foirgníochta agus forbairt chothrom ar na réigiúin. Luaitear go sonrach faoi cháipéisí éagsúla eile den bheartas náisiúnta, mar shampla an Plean Gníomhaíochta maidir leis an Aeráid, an Straitéis maidir le Forbairt ar Ghlasbhealaí Náisiúnta agus Réigiúnacha agus an Plean Náisiúnta maidir le Gníomhaíocht Coirp buntáistí ilghnéitheacha a eascraíonn ó infheistíocht i dtaisteal gníomhaíochta, ar a n-áirítear astaíocht carbóin a mhaolú, tairbhe don tsláinte coirp agus meabhrach, turasóireacht agus feabhas ó thaobh éascaíocht turais agus comhdhlús sóisialta.

Tá seacht gcinn de phríomhaidhmeanna leagtha amach maidir le togra Ghlasbhealach an Bhearnais Mhóir ar an gCreat Pleanála Náisiúnta maidir le cúrsaí Iompair a thabhairt san áireamh, chomh maith le cúig chritéar a luaitear i Straitéis an Rialtais maidir le Glasbhealaí Náisiúnta agus Réigiúnacha a Fhorbairt, eadhon: Radharcanna, Inmharthanacht, Straitéiseacht, Scoiteacht agus Cuid Mhór le Feiceáil agus le Déanamh.

Seo a leanas aidhmeanna an togra:

Glasbhealach ardchaighdeáin, atá scoite den chuid is mó ó bhealaí de chineálacha eile, a chur ar fáil mar chuid den Ghréasán Náisiúnta Rothaíochta a bheidh ina cheangal idir baile Dhún na nGall, Bealach Féich agus Srath an Urláir.

Feabhas ó thaobh a fhurasta atá ag daoine den uile aoisghrúpa, gan bheann ar chumas ná míchumas, an ceantar a thaobhú agus ar a tharraingtí a bhíonn sin acu.

Feabhas ó thaobh a fhurasta atá ag daoine den uile aoisghrúpa, gan bheann ar chumas ná míchumas, an ceantar a thaobhú agus ar a tharraingtí a bhíonn sin acu.

Cur le forás eacnamaíochta an cheantair trí chur le líon na gcuairteoirí agus turasóireacht gníomhaíochta a chur chun cinn sa réigiún.

Cur le forás eacnamaíochta an cheantair trí chur le líon na gcuairteoirí agus turasóireacht gníomhaíochta a chur chun cinn sa réigiún.

Feabhas maidir le hidirnascadh an cheantair agus naisc a cheangal le slite rothaíochta agus siúlóide, atá ar fáil cheana féin nó atá á mbeartú, agus le háiseanna poiblí eile.

Feabhas maidir le hidirnascadh an cheantair agus naisc a cheangal le slite rothaíochta agus siúlóide, atá ar fáil cheana féin nó atá á mbeartú, agus le háiseanna poiblí eile.

Feabhas ó thaobh sábháilteachta agus slándála do na daoine is mó a bheadh i mbaol ag úsáid an bhóthair trí shlí scoite atá sábháilte tarraingteach a chur ar fáil.

Feabhas ó thaobh sábháilteachta agus slándála do na daoine is mó a bheadh i mbaol ag úsáid an bhóthair trí shlí scoite atá sábháilte tarraingteach a chur ar fáil.

Tionchar an Ghlasbhealaigh ar an timpeallacht a mhaolú chomh mór agus is féidir.

Tionchar an Ghlasbhealaigh ar an timpeallacht a mhaolú chomh mór agus is féidir.

Treisiú le hathrú go dtí saol atá neodrach maidir le hídiú carbóin tríd an rothaíocht agus an tsiúlóid a chur chun cinn.

Treisiú le hathrú go dtí saol atá neodrach maidir le hídiú carbóin tríd an rothaíocht agus an tsiúlóid a chur chun cinn.

Tiocfaidh athrú, agus caomhchóiriú, maidir leis na haidhmeanna sin de réir mar a théann an togra chun cinn agus mar a bhíonn breis eolais ar fáil.

Céard atá ar siúl i láthair na huaire?

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall, le cúnamh taca ó Bhonneagar Iompair Éireann (BIÉ) agus foireann comhairleoireachta theicniúil innealtóireachta, ROD-AECOM, ag tabhairt an tionscadail chun cinn de réir Lámhleabhar Bhainisteoir Tionscadail Bhonneagar Iompair Éireann do Thionscadail Ghlasbhealaigh.

Le linn Chéim 1, Coincheapadh agus Féidearthacht, aithníodh Roghanna féideartha don Chonair Bhealaigh ag glacadh an réimse Staidéir, constaicí agus aiseolas a fuarthas ón chéad chomhairliúchán poiblí neamhreachtúil a reáchtáladh i mí Feabhra 2023 san áireamh.

I ndiaidh na roghanna a aithint, de réir Lámhleabhar Bhainisteoir Tionscadail Bhonneagar Iompair Éireann do Thionscadail Ghlasbhealaigh, rinneadh measúnú ar na roghanna sin faoi chritéir Innealtóireachta, Chomhshaoil agus Gheilleagair agus forbraíodh gearrliosta leis na Roghanna.Cuireadh iad sin i láthair ag an dara comhairliúchán poiblí neamhreachtúil a reáchtáladh i mí an Mheithimh 2023.

Tá tionscadal Ghlasbhealach an Bhearnais Mhóir ag Céim 2: Roghnú Roghanna, i láthair na huaire, ar próiseas é ina bhfuil 2 fhochéim. Bhí na Roghanna gearrliostaithe faoi réir measúnú comparáideach ildisciplíneach. Tá an chéim sin curtha i gcrích anois, tar éis an t-aiseolas a fuarthas ó chomhairliúcháin roimhe seo a mheas. Bhí na roghanna sin faoi réir measúnú mionsonraithe i gcomhréir le Lámhleabhar Bhainisteoir Tionscadail Bhonneagar Iompair Éireann, Treoirlínte BIÉ maidir le Measúnú Tionscadail agus Creat Breithmheasa Iompair na Roinne Iompair.

Aithníodh an Chonair Bhealaigh is Dealraithí a Roghnófar agus cuirtear i láthair í mar chuid den tríú babhta den chomhairliúchán poiblí neamhreachtúil.

Féach an Táb maidir le Comhairliúchán Poiblí 3 chun eolas breise a fháil.