Ceisteanna Coitianta
Cad é atá i gceist leis an Togra seo?
Tá Comhairle Chontae Dhún na nGall i gcomhar le Bonneagar Iompair Éireann ag féachaint le conair a chur ar fáil do dhaoine a dhéanann rothaíocht chuig an obair nó mar chaitheamh aimsire idir baile Dhún na nGall agus bailte Bhealach Féich/Shrath an Urláir i ndeisceart Chontae Dhún na nGall.
Féachfar trí thogra Ghlasbhealach an Bhearnais Mhóir le deiseanna cóiriúla sábháilte a chur ar fáil don lucht úsáide caitheamh aimsire nó don lucht úsáide rialta aistear fada nó aistear gairid a thabhairt ar feadh an bhealaigh. Táthar ag tnúth go bhfágfaidh glasbhealach a chur ar fáil sa cheantar freisin gur furasta is féidir réimsí den cheantar a thaobhú, go mealltar dá bhrí sin an lucht úsáide chun na bailte móra agus beaga máguaird a thaithí agus go dtugtar i gcrích an tairbhe is féidir a bhaint go fóill as an turasóireacht sa cheantar.
Cad é an rud Glasbhealach?
Tugtar de chur síos ar ghlasbhealach i gCód Sárchleachtais na Roinne Iompair maidir le Glasbhealaí Náisiúnta agus Réigiúnacha gur slí tharraingteach atá ann arna úsáid den chuid is mó ar mhaithe le caitheamh aimsire ag lucht coisíochta agus rothaíochta agus ag daoine a bhfui bac ar a gcuid gluaisteachta agus go dtarlaíonn, dá thairbhe sin, go gcothaítear gnás aclaíochta.
Is léir ón tarraingt atá ag daoine ar Ghlasbhealaí a osclaíodh le tamall anuas ar fud na hÉireann gur iomaí cineál tairbhe a eascraíonn uathu, ina measc gnéithe infreastruchtúir atá sábháilte agus ar leithlis cuid mhór ó bhealaí eile a chur ar fáil don tsiúlóid agus don rothaíocht ionas gur fusa cuairt a thabhairt ar chairde, taisteal chun na scoile nó chuig an obair agus ceangal a nascadh idir bailte beaga agus bailte móra.
Níos ginearálta ná sin, tugann na Glasbhealaí deiseanna do chuairteoirí agus do mhuintir na háite an taobh tíre álainn in Éirinn a thaithí, rud a chuireann le sláinte agus dea-bhail na ndaoine, a chothaíonn comharsanachtaí áitiúla le deiseanna do ghnólachtaí nuathionscnata agus do ghnóthais sheanbhunaithe agus a thugann roghanna inmharthana don turasóir agus don áitritheoir maidir le réimsí ceilte den tír a thaobhú.
Cad é an dóigh inar féidir le duine páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán poiblí?
Tá an Chomhairle tugtha do thuairimí an phobail a thabhairt san áireamh, mar shampla aighneachtaí a chuirtear faoi bhráid mar chuid de phróiseas an chomhairliúcháin phoiblí nó mar gheall ar nithe a thagann chun cinn go logánta. Ba mhór againn aon ábhar faisnéise nó tuairimíochta a meastar gur chóir do mheitheal an togra é a thabhairt faoi bhreithniú mar lón eolais maidir le forbairt an togra. Tugtar eolas maidir le modhanna chun do chuid tuairimí a chur in iúl faoin táb maidir le Comhairliúchán Poiblí 3 ar Láithreán Gréasáin an Togra.
An mbeidh tionchar ag an togra seo ar an bpróiseas maidir le hiarratais ar chead pleanála sa cheantar?
Ar Chomhairle Chontae Dhún na nGall atá cúram maidir le cúrsaí pleanála agus leis an mbainistíocht ar fhorbairt sa réimse staidéir. Is féidir cead pleanála a thabhairt agus forbairt nua a cheadú go fóill sa réimse staidéir ach ó tharla go bhféadfadh cur isteach ar an togra a bheith i gceist le hiarratais éagsúla ar chead pleanála, beidh gach iarratas ar chead pleanála a dtiocfadh sin i gceist leis á thabhairt faoi bhreithniú ag meitheal an togra. Déantar gach iarratas pleanála a mheas de réir chúinsí an cháis.
Mar a gheofar talamh?
Táthar ag súil go gcuirfidh úsáid talamh atá faoi úinéireacht an stáit (nuair is féidir), i gcomhar le tailte a fhaightear trí Chomhaontuithe Deonacha, formhór na dtailte ar fáil a bheidh riachtanach don Ghlasbhealach.
Sa chás go mbíonn sé riachtanach talamh príobháideach a fháil tar éis don chonair bhealaigh a bheith roghnaithe, déanfaidh tionscnóir an tionscadail teagmháil le húinéirí talún aonair chun iarracht a dhéanamh a theacht ar chomhaontú chun an tionchar ar a gcuid feirmeacha/gabháltais a íoslaghdú agus a theacht ar Chomhaontuithe Deonacha um Fháil Talún sa chás inar féidir. Cuirfear tús leis an bpróiseas maidir le Comhaontuithe Deonacha um Fháil Talún roimh iarratas a dhéanamh ar chead pleanála.
Déan tagairt, le do thoil, chun tuilleadh treorach agus faisnéise a fháil, do Chód Cleachtais na Roinne Iompair do Ghlasbhealaí Náisiúnta agus Réigiúnacha agus do na doiciméid Íocaíochta Inbhuanaitheachta Glasbhealaigh gaolmhara is féidir a fháil anseo.
Cé mar a dhéanfar bainistíocht ar an mbaol go dtarlódh Coireacht/Iompar Frithshóisialta?
Déanfaidh an Chomhairle Chontae bainistíocht ar Ghlasbhealach an Bhearnais Mhóir agus an obair chothabhála ina leith. Déanfar na bearta cuí chun iompar frithshóisialta a chosc. Oibreoidh an chomhairle go dlúth leis na geallsealbhóirí príomhthábhachta, mar shampla an Garda Síochána, i bhfianaise na n-eiseamláirí atá ar fáil maidir le glasbhealaí atá curtha i bhfeidhm cheana féin.