Comhairliúchán Poiblí 1

Tá tús curtha ag Comhairle Chontae Dhún na nGall leis an bhforbairt ar thogra Ghlasbhealach an Bhearnais Mhóir. Is gné thábhachtach an Comhairliúchán Poiblí den phróiseas pleanála agus dearthóireachta, agus dá réir sin, eagróidh meitheal an togra, i rith phróiseas na dearthóireachta, babhtaí éagsúla de chomhairliúchán poiblí neamhreachtúil. Thiocfadh ócáidí eolais poiblí ar a ndéanfaidh daoine freastal ar an láthair a bheith i gceist leis na bearta comhairliúcháin seo agus/nó gnéithe den scéim a fhoilsiú go leictreonach ar mhaithe le tuairimí ina leith.

An Chéad Bhabhta den Chomhairliúchán Poiblí Neamhreachtúil – An Réimse Staidéir, Constaicí agus Deiseanna

Tá an chéim tosaigh den obair, Coincheapadh & Féidearthacht, ar siúl faoi láthair. Tagann i gceist leis sin Réimse Staidéir an Togra a leagan amach go sonrach chomh maith leis na príomhchonstaicí agus na príomhdheiseanna sa réimse sin a thabhairt chun suntais. Tá de chuspóir leis an gcomhairliúchán poiblí seo an pobal a chur ar an eolas faoin togra agus lón faisnéise agus tuairimíochta a iarraidh faoin Réimse Staidéir mar atá leagtha amach faoi láthair, na constaicí a thugtar chun suntais agus gnéithe/deiseanna ar bith eile ba chóir don Mheitheal Dearthóireachta a thabhairt san áireamh.

Tá cuireadh á thabhairt anois ag Comhairle Chontae Dhún na nGall do dhaoine a bhfuil cónaí orthu i gceantar bhaile Dhún na nGall agus i gceantar Bhealach Féich/Shrath an Urláir, do dhaoine den phobal agus do pháirtithe ar spéis leo an t-ábhar páirt a ghlacadh sa bheart comhairliúcháin poiblí neamhreachtúil faoin Réimse Staidéir, Constaicí agus Deiseanna maidir le togra Ghlasbhealach an Bhearnais Mhóir idir Dé hAoine, an 17 Feabhra agus Dé hAoine an 10 Márta 2023. Tá tábhacht le do pháirt féin sa bheart comhairliúcháin seo agus ba mhór againn dá gcuirfí in iúl aon ábhar faisnéise nó tuairime a meastar gur tábhachtach go ndéanfadh meitheal an togra é a bhreithniú mar lón eolais maidir le forbairt an tionscadail.

Beidh, ar mhaithe leis sin, dhá ócáid comhairliúcháin do dhaoine ar an láthair á gcur ar siúl i mbaile Dhún na nGall agus i mBealach Féich, mar seo a leanas:

  • The Abbey Hotel, An Diamant, Dún na nGall, F94 AP8W
    Dé Céadaoin, an 22 Feabhra 2023: 12:00 – 20:00
  • Jackson’s Hotel, Sráid Ghleann Fhinne, Bealach Féich, Co. Dhún na nGall, F93 RD40
    Déardaoin, an 23 Feabhra 2023: 12:00 – 20:00

The Abbey Hotel
An Diamant, Dún na nGall
F94 AP8W

Dé Céadaoin an 22 Feabhra 2023
12:00 – 20:00

Jackson’s Hotel
Sráid Ghleann Fhinne
Bealach Féich, Co. Dhún na nGall
F93 RD40

Déardaoin an 23 Feabhra 2023
12:00 – 20:00

Beidh daoine de mheitheal an togra ar fáil chun ceisteanna nó ábhar buartha maidir leis an togra a phlé.

Meastar go mbeidh spéis mhór sa chomhairliúchán agus, dá bhrí sin, tá bileog eolais curtha le chéile faoin togra is féidir a íoslódáil anseo. Tá ceistneoir istigh sa bhróisiúr freisin, a thugann deis duit do chuidse a rá maidir leis an tionscadal. Tugtar ar aird go bhféadfaí an ceistneoir seo a chomhlánú anseo.

Tá an tríú babhta den chomhairliúchán poiblí neamhreachtúil maidir le tionscadal Ghlasbhealach an Bhearnais Mhóir á reáchtáil faoi láthair, ó Dé hAoine an 17 Samhain 2023 go dtí Dé hAoine an 8 Nollaig 2023.

Féach an Táb maidir le Comhairliúchán Poiblí 3 chun eolas breise a fháil.