Comhairliúchán Poiblí 2
Tugann Comhairle Chontae Dhún na nGall cuireadh anois do dhaoine a bhfuil cónaí orthu i gceantar bhaile Dhún na nGall agus i gceantar Bhealach Féich/Shrath an Urláir, do dhaoine den phobal agus do pháirtithe ar spéis leo an t-ábhar páirt a ghlacadh sa dara comhairliúchán poiblí neamhreachtúil maidir le Tionscadal Ghlasbhealach an Bhearnais Mhóir. Beidh an comhairliúchán ar siúl ó Dé hAoine an 16 Meitheamh go dtí Dé hAoine an 7 Iúil. Tá tábhacht ag baint le do rannpháirtíocht sa chomhairliúchán seo agus ba mhór againn aiseolas ar bith a fháil ar cheart d’fhoireann an tionscadail a athbhreithniú, dar leat, chun eolas a dhéanamh d’fhorbairt an tionscadail.
Tá an tionscadal ag Céim 2 – Roghnú Roghanna faoi láthair ina bhfuil Roghanna ar an ghearrliosta a fhorbairt agus measúnú a dhéanamh orthu i gceist chun an Rogha is Dealraithí a chinneadh. Aithníodh roinnt Roghanna ar an ghearrliosta i ndiaidh an t-aiseolas a fháil le linn an chéad chomhairliúchán poiblí neamhreachtúil a reáchtáladh i bhFeabhra 2023. Is é cuspóir an dara comhairliúchán poiblí seo ná an pobal a chur ar an eolas maidir leis an phróiseas roghnaithe roghanna agus cuireadh a thabhairt aiseolas a thabhairt ar na Roghanna atá ar an ghearrliosta.
Beidh, ar mhaithe leis sin, dhá ócáid comhairliúcháin do dhaoine ar an láthair á gcur ar siúl i mbaile Dhún na nGall agus i mBealach Féich, mar seo a leanas:
- The Abbey Hotel, An Diamant, Dún na nGall, F94 AP8W
Dé Céadaoin an 21 Meitheamh 2023: 12:00 – 20:00 - Óstán Jackson, Sráid Ghleann Fhinne, Bealach Féich, Co. Dhún na nGall, F93 RD40
Déardaoin an 22 Meitheamh 2023: 12:00 – 20:00
The Abbey Hotel
An Diamant, Dún na nGall
F94 AP8W
Dé Céadaoin an 21 Meitheamh 2023
12:00 – 20:00
Jackson’s Hotel
Sráid Ghleann Fhinne
Bealach Féich, Co. Dhún na nGall
F93 RD40
Déardaoin an 22 Meitheamh 2023
12:00 – 20:00
Beidh daoine de mheitheal an tionscadail ar fáil chun ceisteanna nó ábhar imní maidir leis an tionscadal a phlé.
Meastar go mbeidh spéis mhór sa chomhairliúchán agus, dá bhrí sin, tá bileog eolais curtha le chéile faoin tionscadal is féidir a íoslódáil anseo. Tá ceistneoir istigh sa bhróisiúr freisin, a thugann deis duit do chuidse a rá maidir leis an tionscadal. Tugtar ar aird gur féidir an ceistneoir seo a chomhlánú ar líne anseo freisin.
Féach an Táb maidir le Comhairliúchán Poiblí 3 chun eolas breise a fháil.