Comhairliúchán Poiblí 3
Tugann Comhairle Chontae Dhún na nGall cuireadh anois do dhaoine a bhfuil cónaí orthu i gceantar bhaile Dhún na nGall agus i gceantar Bhealach Féich/Shrath an Urláir, do dhaoine den phobal agus do pháirtithe ar spéis leo an t-ábhar páirt a ghlacadh sa tríú comhairliúchán poiblí neamhreachtúil maidir le Tionscadal Ghlasbhealach an Bhearnais Mhóir. Beidh an comhairliúchán ar siúl ó Dé hAoine an 17 Samhain go dtí Dé hAoine an 8 Nollaig. Tá tábhacht ag baint le do rannpháirtíocht sa chomhairliúchán seo agus ba mhór againn aiseolas ar bith a fháil ar cheart d’fhoireann an tionscadail a athbhreithniú, dar leat, chun eolas a dhéanamh d’fhorbairt an tionscadail.
Tá Céim 2 (An próiseas Roghnaithe Roghanna) den tionscadal beagnach críochnaithe agus aithníodh an Chonair Bhealaigh is Dealraithí a Roghnófar. Cuireadh roinnt conairí bealaigh féideartha a bhí faoi réir Fhochéim 1 – Maitrís Bhreithmheasa an Tionscadail i láthair. Tá an chéim sin curtha i gcrích anois, tar éis an t-aiseolas a fuarthas ó chomhairliúcháin roimhe seo a mheas. Bhí na roghanna sin faoi réir measúnú mionsonraithe freisin i gcomhréir le Lámhleabhar Bhainisteoir Tionscadail Bhonneagar Iompair Éireann, Treoirlínte BIÉ maidir le Measúnú Tionscadail agus Creat Breithmheasa Iompair na Roinne Iompair. Is é cuspóir an chomhairliúcháin phoiblí seo ná an pobal a chur ar an eolas faoin phróiseas roghnaithe roghanna agus cuireadh a thabhairt aiseolas a thabhairt ar an Chonair Bhealaigh is Dealraithí a Roghnófar.
Beidh, ar mhaithe leis sin, dhá ócáid chomhairliúcháin do dhaoine ar an láthair á gcur ar siúl i mbaile Dhún na nGall agus i mBealach Féich, mar seo a leanas:
- Jackson’s Hotel, Sráid Ghleann Fhinne, Bealach Féich, Co. Dhún na nGall, F93 RD40
Dé Luain, 20 Samhain 2023: 12:00 – 20:00 - The Abbey Hotel, An Diamant, Dún na nGall, F94 AP8W
Dé Máirt, 21 Samhain 2023: 12:00 – 20:00
The Abbey Hotel
An Diamant, Dún na nGall
F94 AP8W
Dé Máirt, 21 Samhain 2023
12:00 – 20:00
Jackson’s Hotel
Sráid Ghleann Fhinne
Bealach Féich, Co. Dhún na nGall
F93 RD40
Dé Luain, 20 Samhain 2023
12:00 – 20:00
Meastar go mbeidh spéis mhór sa chomhairliúchán agus, dá bhrí sin, tá bileog eolais curtha le chéile faoin tionscadal is féidir a íoslódáil anseo. Tá ceistneoir istigh sa bhróisiúr freisin, a thugann deis duit do chuidse a rá maidir leis an tionscadal. Tugtar ar aird gur féidir an ceistneoir seo a chomhlánú ar líne anseo freisin.